Ráiteas Misin/Mission Statement

Ráiteas Misin CTI Chluain Meala 

Is é ról ár scoile tacú le daltaí Chluain Meala agus an cheantair máguaird oideachas ginearálta agus sainoideachas a fháil. Tá CTI Chluain Meala faoi phátrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna Thiobraid Árann. Is scoileanna stáit, comhoideachais agus ilchreidmheacha iad scoileanna na mBord Oideachais agus Oiliúna, atá bunaithe ar na bunluachanna seo a leanas: 

  • ​Barr feabhais  
  • Cúram 
  • Comhionannas 
  • Pobal 
  • Meas 

Cuireann CTI Chluain Meala comhdheiseanna rollaithe ar fáil do dhaltaí de réir an Achta Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2018. Nuair a bhíonn daltaí cláraithe, déanann ár scoil a dícheall comhdheiseanna a thabhairt do gach dalta chun páirt a ghlacadh sa churaclam agus i saol na scoile. Déanaimid ár ndícheall cur ar chumas gach dalta a gcumas iomlán a bhaint amach, beag beann ar aon ghné dá bhféiniúlacht nó dá gcúlra. 

Déanann ár scoil na nithe seo a leanas: 

  • Timpeallacht shábháilte fhisiciúil agus shóisialta a sholáthar a neartaíonn an muintearas le pobal na scoile agus leis an tsochaí i gcoitinne. 
  • Oideachas lánchuimsitheach a chur chun cinn a aithníonn éagsúlacht féiniúlachtaí, creideamh agus luachanna na ndaltaí, na dtuismitheoirí agus na foirne. 
  • Saoránaigh fhreagracha a ullmhú a bhfuil intinn oscailte acu, atá tuisceanach i leith chultúir éagsúla agus a bhfuil tuiscint láidir acu ar luachanna comhroinnte. 
  • Caitheamh go cothrom le daltaí de gach reiligiún agus creideamh. Ní thugtar tús áite d’aon ghrúpa thar ghrúpa eile i dtimpeallacht ná i ngníomhaíochtaí na scoile, agus ag an am céanna aithnítear daltaí de gach reiligiún agus creideamh agus déantar freastal orthu. 

————————————————————– 

 

 

 

CTI Clonmel Mission Statement 

​The role of our school is to facilitate the students of Clonmel and its environs in the acquisition of general and specialised education. CTI Clonmel is under the patronage of Tipperary Education and Training Board. ETB schools are state, co-educational, multidenominational schools underpinned by the core values of: 

  • Excellence  
  • Care  
  • Equality  
  • Community  
  • Respect 

CTI Clonmel provides students with equal opportunities for enrolment in line with the Education (Admissions to School) Act 2018.  Once enrolled, our school strives to provide all students with equal opportunities to engage with the curriculum and school life. We strive to enable every student to realise their full potential regardless of any aspect of their identity or background. Our school  

  • provides a safe physical and social environment that reinforces a sense of belonging to the school community and wider society 
  • promotes a fully inclusive education that recognises the plurality of identities, beliefs and values held by students, parents and staff 
  • prepare open-minded, culturally sensitive and responsible citizens with a strong sense of shared values 
  • treats equally students of all religions and beliefs.  The school environment and activities do not privilege any group over another whilst at the same time acknowledging and facilitating students of all religions and beliefs.