Fáilte
Fáilte go Gaelcholáiste Chéitinn
Pobal scoile bríomhar i gcroílár Chluain Meala, ina bhfuil an Ghaeilge, an fhoghlaim agus forbairt gach dalta lárnach i saol na scoile.
I nGaelcholáiste Chéitinn, cuirimid oideachas cuimsitheach ar fáil trí mheán na Gaeilge i dtimpeallacht chairdiúil, thacúil. Tá ár bhfoireann thiomanta do gach dalta a spreagadh chun a gcumas a bhaint amach, a gcuid buanna a fhorbairt agus dul i ngleic le deiseanna nua le muinín.
Cuirimid réimse leathan ábhar ar fáil sa tSraith Shóisearach agus sa tSraith Shinsearach, chomh maith le deiseanna foghlama agus forbartha san Idirbhliain. Lasmuigh den seomra ranga, tugann an spórt, an ceol, an drámaíocht, an díospóireacht agus imeachtaí eile deis do dhaltaí cairdeas a chothú, scileanna nua a fhoghlaim agus páirt ghníomhach a ghlacadh i bpobal na scoile.
Táimid bródúil as ár dteanga agus ár gcultúr, agus as an gcomhpháirtíocht idir daltaí, tuismitheoirí agus foireann na scoile. Oibrímid le chéile chun fiosracht, meas agus grá don fhoghlaim a chothú.
Cuirimid fáilte chroíúil romhat aithne a chur ar Ghaelcholáiste Chéitinn agus fáil amach faoina bhfuil le tairiscint againn.
Welcome to Gaelcholáiste Chéitinn
A vibrant school community in the heart of Clonmel, where the Irish language, learning and each student’s development are central to school life.
At Gaelcholáiste Chéitinn, we offer a broad education through the medium of Irish in a friendly, supportive environment. Our dedicated staff encourage every student to reach their potential, develop their talents and approach new opportunities with confidence.
We provide a wide range of subjects at Junior and Senior Cycle, alongside opportunities for learning and personal growth in Transition Year. Beyond the classroom, sport, music, drama, debating and other activities help students build friendships, learn new skills and play an active part in our school community.
We take pride in our language and culture, and in the partnership between students, parents and staff. Together, we nurture curiosity, respect and a love of learning.
We warmly invite you to get to know Gaelcholáiste Chéitinn and discover all that our school has to offer.
Learn about our school
Please view the video below to gain some insight into our school (all cookies must be accepted to view YouTube videos).



